收听Mary Black的Bruach na carraige baine歌词歌曲

Bruach na carraige baine

Mary Black, Séamus Begley2008年3月21日

Bruach na carraige baine 歌词

Bruach na carraige baine - Mary Black (玛丽·布莱克)/Séamus Begley

Is thiar cois abhainn gan bhréag gan dabht

 

Ta an ainnir chiúin tais mhánla

 

Is gur ghile a cam ná an eala ar an dtonn

 

Ó bhaitheas go bonn a bróige

 

'Sí an stáidbhean í a chráigh mo chroí

Is d'fhág sí i m'intinn brónach

 

Is leigheas le fáil níl agam go brách

Ó dhiúltaigh mo ghrá gheal domsa

 

Ó b'fhearr liom fhéin ná Éire mhóir

 

Ná saibhres Rí na Spáinne

 

Go mbéinnse 'gus tusa i lúb na finne

 

I gcoilltibh i bhfad ón ár gcáirde

 

Ó mise 'gus tusa bheith pósta a ghrá

 

Le haontoil athar is máthair

 

A mhaighdean óig is milse póg

 

Tú grian na Carraige Báine

 

'S a stuaire an chinn cailce

 

Más dual dom go mbeir agam

 

Beidh cóir ort a thaithneodh led' cháirde

 

Idir shíoda 'gus hata ó bhonn go bathas

 

'S gach ní sa chathair dá bhfeabhas

 

Beidh do bhólacht á gcasadh gach neoin chun baile

 

Is ceol binn ag beacha ar bhánta

 

Beidh ól ar do ghlacadh is cóiste id' tharraingt

 

 

Go bruach na Carraige Báine