Listen to Tórramh an Bhairille song with lyrics from Seán Ó Sé

Tórramh an Bhairille

Seán Ó Sé, Seán Ó Riada, Ceoltóirí Chualann15 Apr 2011

Tórramh an Bhairille Lyrics

Tórramh an Bhairille - Seán Ó Sé/Seán Ó Riada/Ceoltóirí Chualann

Sceolfad teastas ar shlóite

Bhaile mhic óda mhaisiúil mhúinte

Treoin do chleachtas gach lá gan lagadh orthu

Ól gan cheasna gan chúinse

Leonta lannamhar ceolmhar greannmhar

Cumhachtach calma cúntach

Is is mór an t-aiteas go deo bheoth eatarthu

Ar thórramh an bhairille a dhiúgadh

Stór ní thaiscítear leo go dearfa

In ór ná in earra ní chumhdaíd

Ach mórchuid beathuisce is beoir in aisce

Gan speois dá scaipeadh ar an ndúthaigh

An dearóil má thagann gan lón 'na spaga

Do gheobhaidh an casca gan cuntas

Le hól gan bacadh go bord na maidne

Ar thórramh an bhairille a dhiúgadh

Fóna dtearmainn deonach tarraingid

Foirne dalla gan súile

'S is leor do bhacaigh gan treoir go tapaidh

'Na dhóid gan bata go siúlaid

Níl stróinse dealbh ón gcóbh go caiseal

Ná fos I bhfearantas dhubhagáin

Nach seoltar sealad 'na gcomhair I dtigh tábhairne

Ar thórramh an bhairille a dhiúgadh

Níl stróinse dealbh ón gcóbh go caiseal

Ná fos I bhfearantas dhubhagáin

Nach seoltar sealad 'na gcomhair I dtigh tábhairne

 

Ar thórramh an bhairille a dhiúgadh