Listen to Bruach Na Carraige Báine song with lyrics from Mary Black

Bruach Na Carraige Báine

Mary Black, Seamus Begley20 Oct 2023

Bruach Na Carraige Báine Lyrics

Bruach na Carraige Baine - Mary Black

Is thiar cois abhainn gan bhréag gan dabht

 

Ta an ainnir chiúin tais mhánla

 

Is gur ghile a cam ná an eala ar an dtonn

 

Ó bhaitheas go bonn a bróige

 

'Sí an stáidbhean í a chráigh mo chroí

Is d'fhág sí i m'intinn brónach

 

Is leigheas le fáil níl agam go brách

Ó dhiúltaigh mo ghrá gheal domsa

 

Ó b'fhearr liom fhéin ná Éire mhóir

 

Ná saibhres Rí na Spáinne

 

Go mbéinnse 'gus tusa i lúb na finne

 

I gcoilltibh i bhfad ón ár gcáirde

 

Ó mise 'gus tusa bheith pósta a ghrá

 

Le haontoil athar is máthair

 

A mhaighdean óig is milse póg

 

Tú grian na Carraige Báine

 

'S a stuaire an chinn cailce

 

Más dual dom go mbeir agam

 

Beidh cóir ort a thaithneodh led' cháirde

 

Idir shíoda 'gus hata ó bhonn go bathas

 

'S gach ní sa chathair dá bhfeabhas

 

Beidh do bhólacht á gcasadh gach neoin chun baile

 

Is ceol binn ag beacha ar bhánta

 

Beidh ól ar do ghlacadh is cóiste id' tharraingt

 

 

Go bruach na Carraige Báine

Popular Songs