Listen to An Mhaighdean Mhara song with lyrics from Fionnuala Gill

An Mhaighdean Mhara

Fionnuala Gill27 Apr 2012

An Mhaighdean Mhara Lyrics

An Mhaighdean Mhara - Fionnuala Gill

Is cosúil gur mheath tú

Nó gur thréig tú an greann

Tá an sneachta go frasach

Fá bhéal na mbeann

Do chúl buí daite is do bhéilín sámh

Siúd chugaibh Mary Chinidh is

Í i ndiaidh an Éirne shnámh

'A mháithrín mhilis

Dúirt Máire Bhán

Fá bhruach an chladaigh is fá bhéal na trá

'Maighdean mhara mo mháithrín ard

Siúd chugaibh Mary Chinidh is

Í i ndiaidh an Éirne 'shnámh

Tá mise tuirseach agus beidh go lá

Mo Mháire bhruinneall is mo Phádraig bán

Ar bharr na dtonnta is fá bhéal na trá

Siúd chugaibh Mary Chinidh is

í i ndiaidh an Éirne 'shnámh

Ar bharr na dtonnta is fá bhéal na trá

Siúd chugaibh Mary Chinidh is

 

í i ndiaidh an Éirne 'shnámh